Comhdhálacha agus Foilseacháin
Foilseacháin
An tOllamh Ciarán Mac MurchaidhCruinnscríobh na Gaeilge: https://www.coislife.ie/product/cruinnscriobh/
An Dr. Conchúr Mag Eachain Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana: https://www.coislife.ie/leabhar-nua-tearmaiocht-ghaeilge-na-hathbheochana/
An tOllamh Máirín Nic Eoin https://www.coislife.ie/udair/mairin-nic-eoin/
Réaltán Ní Leannáin Citi na gCártaí: https://www.coislife.ie/product/josefina/?lang=en
An Dr Pádraig ? Liathain Eachtra Ghiolla an Amaráin: https://www.cic.ie/books/published-books/eachtra-ghiolla-an-amarain
An Dr Ciarán Mac an Bhaird Resourcing Small and Medium Sized Enterprises: https://www.springer.com/gp/book/9783790823981
Comhdhálacha
SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) 2016
Is é Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile ?tha Cliath, a rinne óstáil ar cheardlann réamhchomhdhála SNSBI 'Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt' i mí Aibreáin 2016. Seoladh uirlis nua sluafhoinsithe forbartha ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, Meitheal logainm.ie, mar chuid den cheardlann.
CLTW (Celtic Language Technology Workshop) 2014
Is baill foirne in Fiontar & Scoil na Gaeilge a d’eagraigh an chéad Celtic Language Technology Workshop i gcomhar leis an NCLT (National Centre for Language Technology) agus Scoil na Ríomhaireachta in DCU i mí Lúnasa 2014. Rinne saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta plé ar 12 sainábhar sa réimse. Is iad COLING, the Annual International Conference on Computational Linguistics, a rinne an cheardlann a óstáil.
BISA (British and Irish Sound Archives) 2014
Rinne Fiontar comhdháil bhliantúil British and Irish Sound Archives Association a óstáil in DCU i mí na Bealtaine 2014. Anuas ar shaineolaithe agus thaigdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt le chéile, thug an chomhdháil deis d’fhoireann Fiontar taispeántas a chur ar fáil do lucht éisteachta fairsing faoin taighde atá ar siúl sa Scoil i réimse na ndaonnachtaí digiteacha.
Comhghuaillíochtaí Idirnáisiúnta
Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge freagrach as téarmaí Gaeilge a bhainistiú ar shuíomh téarmaíochta an Aontais Eorpaigh, IATE; agus as an soláthar Gaeilge sa tionscadal Eorpach SpeakApps.