DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin
  • President's Awards
  • People
  • FAQs
  • Twitter
  • Facebook
  • LinkedIn
  • Inbhuanaitheacht 2020-2021

    Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó roimh an domhan lenár linn agus impleachtaí móra aige do gach gné den saol agus den tsochaí geall leis. Tuigeann OCB?C a cuid freagrachtaí maidir le dul i ngleic leis an deacracht seo, bíodh sé sin ó thaobh taighde, oibríochtaí nó teagaisc agus foghlama de.

    I mí Mheán Fómhair,  sheol Ollscoil Chathair Bhaile ?tha Cliath a Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2021-2026 - treoirphlean uaillmhianach le haghaidh inbhuanaitheachta a dhéanann forbairt ar an gceannaireacht atá léirithe ag an Ollscoil sa réimse seo cheana féin. Geallann OCB?C faoin bplean seo athruithe ó bhonn a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí go léir chun spriocanna uaillmhianacha ‘Saor ? Charbón’ a bhaint amach. Ar na bearta praiticiúla atá curtha sa siúl chun é seo a bhaint amach tá feachtais chun dlús a chur faoi ídiú fuinnimh a laghdúi measc baill foirne agus na mic léinn.

    Tá an inbhuanaitheacht fite fuaite i gcuraclam OCB?C níos mó agus níos mó. Mar shampla, tá modúl bunaithe ar dhúshláin forbartha ag OCB?C do mhic léinn i gCuibhreannas Ollscoileanna Nuálacha na hEorpa (ECIU) dar teideal Réigiúin ar mó a lorg carbóin ag athrú a fhiosraíonn conas is féidir le Lár Tíre na h?ireann iompú ó a bheith ag brath ar fhuinneamh a ghiniúint le breosla iontaise.

    Fuair an Ollscoil moladh dá hiarrachtaí i réimse na hinbhuanaitheachta i mbliana nuair a bhuaigh OCB?C Gradam Glas as ídiú uisce a laghdú go mór. Ag an am céanna, leanann Institiúid Uisce OCB?C ar aghaidh le taighde fiúntach a dhéanamh ar cháilíocht uisce agus ar fhoinsí uisce lena n-áirítear an Blitz Uisce bliantúil. I measc aschur taighde na hInstitiúide i mbliana bhí páipéar a scríobhadh i gcomhar le SFI Insight, a tharraingíonn aird ar an  tábhacht a bhaineann le heolaithe saoránaigh maidir le monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an uisce.

    Cuireann an córas iompair go mór le hastaíochtaí domhanda agus anseo in ?irinn freisin, tá a cion á dhéanamh ag OCB?C le tionscnaimh amhail triail nua de scútair leictreacha ar champas Ghlas Naíon, gurb í an chéad chomhpháirtíocht ar domhan í idir lucht léinn agus lucht tionscail maidir le taighde ar amharc ríomhaireachtúil. Ag an am céanna, ghlac OCB?C páirt sa  chéad tástáil a rinneadh riamh in ?irinn ar Bhus Hidrigine atá Saor ó Astaíochtaí, i gcomhpháirtíocht le réimse páirtithe leasmhara.