DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin
  • President's Awards
  • People
  • FAQs
  • Twitter
  • Facebook
  • LinkedIn
  • Daoine 2019-2020

    Ba bhliain í ina raibh athrú ceannaireachta in OCB?C, nuair a tháinig deireadh le tréimhse deich mbliana an Ollaimh Brian MacCraith mar Uachtarán OCB?C. Tháinig fás agus forbairt san Ollscoil le linn a thréimhse mar uachtarán - tógadh 3 champas breise: Campas Phádraig, Campas na Naomh Uile, agus Alfa OCB?C, Campas Nuálaíochta na hOllscoile. Bhí sé ann nuair a rinneadh Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Institiúid Oideachais Mater Dei agus Coláiste Oideachais Eaglais na h?ireann a chónascadh, agus bhí sé ann nuair a bunaíodh an chéad Dámh Oideachais riamh in ?irinn, Institiúid Oideachais OCB?C.

    Chun comóradh a dhéanamh ar dheireadh thréimhse an Ollaimh MacCraith mar uachtarán, reáchtáladh searmanas fíorúil dar teideal ?mós san Ollscoil chun slán a fhágáil aige ag a ndeachaigh sé siar ar bhóithrín na smaointe, ón uair a tháinig sé chun obair le OCB?C mar ollamh le Fisic sa bhliain 1986.

    Ba é Leas-Uachtarán OCB?C, an tOllamh Daire Keogh a ceapadh mar Uachtarán nua na hOllscoile, agus thosaigh sé i mbun oibre sa ról i samhradh na bliana 2020. Roimhe sin, bhí an tOllamh Keogh ina Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2016 nuair a rinneadh an coláiste a chónascadh le OCB?C. Ceapadh an tOllamh Anne Sinnott mar Leas-Uachtarán na hOllscoile.

    Ag labhairt dó agus é ag tosú amach ag obair ina ról nua, dúirt an tOllamh Keogh: “Tá prionsabail den scoth againn san ollscoil seo, chomh maith le daoine eisceachtúla, mic léinn, baill foirne, agus lucht tacaíochta. Cuirfimid le cáil OCB?C le chéile, cáil atá tuillte go maith aici mar ollscoil tarraingteach nuálach, atá tiomanta do shaol na n?ireannach a chur chun cinn.

    Ba bhliain í chun rathúlacht a cheiliúradh agus chun fáilte a chur roimh bhaill foirne nua chuig OCB?C. Toghadh Roderic O’Gorman, iarbhall foirne Scoil an Dlí agus Rialtais OCB?C, ina TD don Chomhaontas Glas, agus ina dhiaidh sin ceapadh ina Aire Leanaí é sa rialtas nua. Ceapadh Eamonn Quinn ina Chathaoirleach ar Iontaobhas Oideachais OCB?C, fear gnó a bhfuil aithne mhaith ag daoine air. Bhronn OCB?C dochtúireacht oinigh ar bhainisteoir fhoireann Sinsir Peile na bhFear ?tha Cliath, Jim Gavin. Chuir an Ollscoil fáilte roimh a céad amharc-ealaíontóirí cónaithe Mandy O’Neill agus Joanna Hopkins. D’fhág bás an Dochtúra Aonghus Cheevers pobal OCB?C faoi bhrón, fear a raibh gean agus meas air i Scoil an Dlí agus Rialtais.                                          

    Bronnann OCB?C duaiseanna gach bliain ar dhaoine aonair agus ar fhoirne as an méid a rinne siad ar son mhisean na hOllscoile. Reáchtáladh searmanais fhíorúla chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh na nDámhachtainí seo a leanas; Dámhachtainí an Uachtaráin um Nuálaíocht agus um Rannpháirtíocht, Dámhachtainí an Uachtaráin um Thaighde agus um Thionchar an Taighde, Dámhachtainí an Uachtaráin um Múinteoireacht agus um Fhoghlaim.